Láithreoir TG4, Síle Ní Bhraonáin, ag Fleadh Cheoil na hÉireann i Sligeach

Anois is Féidir na Fotheidil a Mhúchadh le Aip TG4

Now you can turn off English subtitles (or choose Irish ones) on TG4’s app, and they’ve added support for Chromecast.

App-ad-gan-teacs

Curtha soir ag fotheidil Bhéarla agus tú ag iarraidh an Ghaeilge a chlos ar Ros na Rún?

Tá leagan nua de Aip iOS TG4 anois a thugann an rogha do dhaoine na fotheidil a roghnú nó a mhúchadh agus iad ag féachaint ar ábhar nua-chraolta atá réamh-thaifeadta. Sa mbreis air sin, tá daoine in ann ábhar taifeadta, a craoladh le gairid ar TG4, a aimsiú ar an Seinnteoir agus é a theilgean le Chromecast ar scáileán mór.

Fágann na forbairtí seo – toradh ar thogra deartha agus feidhmithe a chuir foireann theicneolaíochta TG4 féin i gcrích – gur ag an úsáideoir feasta atá an rogha agus an cumas fotheidil a roghnú nó a mhúchadh de réir a mhian ar an Seinnteoir. Cé gur maith le daoine áirithe fotheidil (Bhéarla nó Gaeilge de réir a riachtanas) a bheith ar an scáileán agus iad ag féachaint ar ábhar TG4, tá daoine eile ar fearr leo uathu iad. Go dtí seo ba dhoiligh an dá dhream a shásamh ag an am céanna. Tá réiteach ar fáil anois ar an Seinnteoir. I gcás ábhar taifeadta a chraoltar den chéad uair as seo amach, má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe dó, is féidir iad sin a aimsiú (nó na fotheidil a mhúchadh ar fad) ar an Seinnteoir.

Ceaptar go rachaidh na forbairtí seo chun tairbhe d’aicmí go leor i lucht féachana TG4. Beidh Gaeilgeoirí líofa in ann féachaint ar an ábhar gan fotheidil, tig le daoine ar maith leo fotheidil Bhéarla a bheith ann a mian a shásamh, (ina measc Béarlóirí a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu) agus is féidir le daoine atá ag iarraidh a líofacht Ghaeilge a fheabhsú na fotheidil (i gceachtar teanga, más ann dóibh) a roghnú nó a mhúchadh de réir mar a oireann.

Tá an cumas nua seo do fhotheidil roghnaitheach ar fáil anois ar Sheinnteoir TG4 ar an Aip ar ghairis iOS, ar Theilifíseáin Chliste agus ar www.tg4.tv d’aon ábhar réamh-thaifeadta i nGaeilge a céad-chraoladh ar TG4 ó thús na míosa seo.

Is díol suntais freisin an cumas Chromecast a bheith ag Aip TG4 feasta mar gur minic daoine ag iarraidh ábhar a bhfuil rochtain acu air ar scáileán beag a theilgean le Chromecast lena fheiceáil ar scáileán mór.

Deir Stiúrthóir Aschuir TG4 Lís Ní Dhálaigh gur togra tábhachtach é seo a bhfuil go leor oibre déanta air le bliain.

“Is fada muid ag iarraidh an rogha áirithe seo le fotheidil a sholáthar, le freastal ar idir Ghaeilgeoirí líofa, foghlaimeoirí agus daoine ar mian leo fotheidil ar chúiseanna éagsúla. Is céim shuntasach í seo agus is maith linn a bheith tagtha chomh fada seo”.

, , , , , , , , ,

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.