cta

Euro 2016: Comórtas Fantaisíochta Ar-Líne Seolta ag TG4

cta

Agus foireann na Poblachta ag ullmhú don Chraobh Eorpach faoi cheann coicíse, tá comórtas nua spraíúil ar-líne seolta ag TG4 inar féidir le daoine foireann fantaisíochta a roghnú agus duaiseanna deasa a bhuachan má éiríonn leo. Tig leo a rogha a dhéanamh agus féachaint cé mar a éiríonn leis na himreoirí aonaracha sin le linn an chomórtais.

Níl agat ach seachtain anois le dul san iomaíocht, saor in aisce, t’ainm a chlárú, do chuid imreoirí a roghnú ar d’fhoireann fantaisíochta agus ansin féachaint cé mar a d’éirigh leo, dar leis na saineolaithe. Dá fheabhas a imríonn siad, is mó na pointí a thuillfidh siad dod’ fhoireann.

Tá gach eolas agus treoir ar fáil ag www.tg4.ie/euro2016 Ní foláir d’fhoirne a bheith roghnaithe agus cláraithe roimh 5:00pm ar an Aoine 10 Meitheamh 2016. Beidh duaiseanna éagsúla á mbronnadh le linn Euro 2016 agus gheobhaidh buaiteoir an chomórtais seo dearbhán spóirt €500.

, , , , , , , ,

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.