Is i gCeatharlach atá ceannáras Blacknight, mar sin is ceart agus is cuí go gcuirfimís tús le sraith podchraoltaí i nGaeilge le comhrá le Bríd de Róiste ón eagraíocht Glór Cheatharlach. Labhraíonn sí le Conn (23:19, 14MB, MP3) faoin nGaeilge i gCeatharlach, agus faoin bhFéile Chásca atá á eagrú ar an mbaile. Bhí an Fhéile Phan Ceilteach i gCeatharlach le dhá bhliain anuas agus d’éirigh chomh maith sin leí, gur shocraigh muintir na háite ar Fhéile áitiúil a chur in a háit, nuair a bhog an Fhéile Phan Cheilteach ar aghaidh go Doire i mbliana.
Reachtálfar an Fhéile Chásca i gcomhar le Fleadh Cheoil an Chontae agus beidh go leor imeachtaí eile ar siúl ar feadh trí lá ón 24ú go dtí an 27ú Aibreán.
Podchraoladh seachtainiúil i nGaeilge is ea An tImeall, curtha i láthair ag Blacknight, an príomh-chomhlacht in Éirinn le haghaidh óstáil idirlín agus ainmneacha fearainn. Tá margaí spesialta faoi láthair ar ainmneacha fearainn, má cheannaíonn tú pacáiste óstála in éineacht leis: tuilleadh eolais ag domainoffers.me.
Má thaitníonn an clár seo leat, is féidir síntús a fháil le iTunes nó le RSS.
Leave a Reply