johnwalsh

Nuachainteoirí [Podchraoladh]

Dr John Walsh, NUIGTá an Dr John Walsh ina Léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus tá taighde ar leith ar siúl aige i láthair na huaire ar idé-eolaíocht agus spreagadh ‘nuachainteoirí’ mionteangacha, daoine nár tógadh leis na teangacha sin ach a labhraíonn iad go líofa agus go rialta.  Labhair sé liom ar phodchraoladh na seachtaine seo. (36.17, 21MB, MP3).

Sílim gur cás ar leith í an Ghaeilge sa mhéid is gur nuachainteoirí iad tromlach mór na ndaoine a bhíonn á labhairt, ach cuireann John i gcuimhne dom gurb amhlaidh don mBéarla chomh maith! Admhaíonn sé gur féidir teannas áirithe a bheith sa chaidreamh idir nuachainteoirí agus cainteoirí dúchais na Gaeilge, agus deir sé go bhfuil “speictream an-leathan” de chineálacha éagsúla nuachainteoirí ó thaobh an cúram a dhéanann siad maidir leis an bhfoghraíocht agus an ghramadach.

Níl dóthain taighde déanta, deir sé, go bhféadfaí a rá go fóill gur canúint bheo atá i nGaeilge na Cathrach, ach aontaíonn sé go bhfuil an so-tuigtheacht agus an fheidhmiúlacht tabhachtach agus canúint nó stíl chainte á mheas. Sé sin le rá: an féidir leat do chúram a dhéanamh tré mheán na teanga?

Tá an taighde ag leanúint ar aghaidh ar fud na hEorpa go dtí 2016, agus beidh torthaí dá bhfoilsiú de réir a chéile ag John agus ag a chomhghleacaithe.  Is féidir é a leanúint ar Twitter ag @nuachtainteoir agus tá cuntas ag an mór-thionscnamh Eorpach ag @costnewspeakers.

Podchraoladh seachtainiúil i nGaeilge is ea An tImeall, curtha i láthair ag Blacknight, an príomh-chomhlacht in Éirinn le haghaidh óstáil idirlín agus ainmneacha fearainn. ‘Bhfuil tú ag iarraidh suíomh idirlín a dhéanamh do ghléasanna póca?  Is féidir an uirlis GoMobi a usáid saor in aisce ar feadh 30 lá!  Tuilleadh eolais – agus go leor margaí maithe eile ar fáil – ar an suíomh domainoffers.me.

Má thaitníonn an clár seo leat, is féidir síntús a fháil le iTunes nó le RSS.

 

, , ,

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.