Grúpcheannasaí Nuacheaptha na Gaeilge ag RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire

RTE launch new Online Irish Language News Service [Podchraoladh]

(Tá podchraoladh i nGaeilge ar fáil in éineacht leis an alt seo. Cliceáil ar an seinnteoir thuas, nó tá sé le híoslódáil anseo: 20:40; 12MB; MP3)

Grúpcheannasaí Nuacheaptha na Gaeilge ag RTÉ, Rónán Mac Con IomaireA new comprehensive online Irish language news service was launched today by RTÉ, as part of a range of initiatives arising from the report of its internal Irish Language Working Group which was published in February.

That report also recommended the appointment of a Group Head of Irish Language, reporting to the Director General of RTÉ, Noel Curran. On Friday, RTÉ announced the appointment of the current deputy head of RTÉ Raidio na Gaeltachta, Rónán Mac Con Iomaire, to this position which he will take up shortly.

Rónán Mac Con Iomaire is my guest on today’s Irish language podcast, An tImeall.

Phléamar Tuarascáil an Ghrúpa Oibre, agus na hathraithe atá dá gcur i bhfeidhm in RTÉ dá bharr. Mhínigh sé an t-atheagar atá curtha ar sheirbhísí nuachta in nGaeilge ó RTÉ.

Ag tosú inniu, tá seirbhís chuimsitheach nuachta ar-líne i nGaeilge ag RTÉ den chéad uair, idir nuacht náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil. Tá sé le fáil ar shuíomh idirlín na nuachta ag RTÉ.ie, agus ar Aip RTÉ News Now. Comhpháirtíocht atá sa togra seo idir Nuacht RTÉ agus seomraí nuachta RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is i Nuacht RTÉ i mBaile na hAbhann a bheidh an tseirbhís nua ar-líne lonnaithe, agus beidh iriseoirí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó Nuacht RTÉ ag coinneáil ábhair leis.

Tá dhá shuíomh ar leith i gceist leis an seirbhís nua idirlín. Is é rte.ie/nuacht an príomh-shuíomh, áit a mbeidh seirbhís chuimsitheach nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta. Beidh an tseirbhís seo ar fáil ar an Aip RTÉ News Now.

Ach chomh maith leis sin, beidh seirbhís idirlín dírithe ar nuacht áitiúil na Gaeltachta ar fáil ar shuíomh idirlín Raidio na Gaeltachta, ag rte.ie/rnag/nuacht-gaeltachta.

NuachtOnline4

Beidh cúram eile sa bhreis ar Raidio na Gaeltachta freisin, mar beidh an nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta Gaeilge anois á soláthar do sheirbhísí uile Raidió RTÉ ag RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is i gceanncheathrú na seirbhíse i gCasla a bheidh an lárionad léirithe raidió don nuacht Ghaeilge, agus is as sin feasta a chraolfar an 32 feasachán nuachta Gaeilge sa tseachtain ar RTÉ Radio 1, RTÉ lyric fm agus RTÉ 2fm, chomh maith le gnáthsheirbhís nuachta Raidió na Gaeltachta mar atá faoi láthair.

Admhaíonn Rónán go bhfuil “creimeadh” déanta le roinnt bhlianta ar an méid as-chur i nGaeilge ar RTÉ, agus deir sé go mbeidh sé in a chuid den gcúram a bheidh air sa phost nua, obair in éineacht le rannóga éagsúla na heagraíochta chun dul i ngleic leis sin.

D’fháiltigh Príomh Stiúrthóir RTÉ Noel Curran roimh an atheagar:

“Dul chun cinn tábhachtach atá anseo, a chruthaíonn an chéad togra ilmheáin i nGaeilge a bheidh ag feidhmiú ó dhá láthair éagsúil. Bainfidh sé leas níos fearr as na hacmhainní atá againn faoi láthair le cur leis an tseirbhís a chuirtear ar fáil don phobal. Léiriú atá anseo go bhfuil RTÉ tiomanta don Ghaeilge, mar a léirigh an feasachán nua Gaeilge ar RTÉ News Now a chuirfidh 26 uair an chloig sa bhreis leis an soláthar nuachta Gaeilge in aghaidh na bliana.”

Podchraoladh i nGaeilge is ea An tImeall, curtha i láthair ag Blacknight, an príomh-chomhlacht in Éirinn le haghaidh óstáil idirlín agus ainmneacha fearainn. Tá margaí maithe ar ainmneacha fearainn ar fáil ag an suíomh domainoffers.me.

Má thaitníonn an clár seo leat, is féidir síntús a fháil le iTunes nó le RSS.

, , , , ,

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.