This week’s Irish language podcast (18:48, 10.7MB, MP3) is an interview with journalist Caoimhe Ní Laighin, who wrote about her decision to quit Facebook in this week’s Irish Times.
Cuireadh go leor spéise in alt san Irish Times inné le Caoimhe Ní Laighin, inar mhínigh sí an chúis go bhfuil sí tar éis éirí as Facebook.
Ní drochrud é Facebook, ag brath ar an gcineál duine atá ionat. Ach i mo chás féin, baineann an mana cáiliúil de chuid Alcoholics Anonymous le hábhar: is iomarcach é cliceáil amháin, ní leor riamh na mílte cliceáil.
Tá go leor daoine a d’aontódh léi. Aithnítear comharthaí na h-andúile sa tslí is go mbímíd ag caitheamh leis na meáin sóisialta. Cothaítear droch-nósanna maidir le bainistiú ama, agus b’fhéidir go bhfuil sé ag cur isteach ar an gcumas atá againn díriú isteach agus léargas a fháil ar aon ábhar atá casta nó fada.
Ghlac Caoimhe le cuireadh chun páirt a ghlacadh i bpodchraoladh na seachtaine seo agus chuireas glaoch uirthi inné leis an scéal a phlé.
Podchraoladh seachtainiúil i nGaeilge is ea An tImeall, curtha i láthair ag Blacknight, an príomh-chomhlacht in Éirinn le haghaidh óstáil idirlín agus ainmneacha fearainn. Tá margaí maithe ar ainmneacha fearainn ar fáil ag an suíomh domainoffers.me.
Má thaitníonn an clár seo leat, is féidir síntús a fháil le iTunes nó le RSS.
Leave a Reply