Tá 2,500 teachta i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo do ICANN54: an 54ú chruinniú idirnáisiúnta ag an Internet Corporation for Assigned Names and Numbers.
Eagraíocht idirnáisiúnta is ea ICANN a rialaíonn córas seoltaí an idirlín. Is féidir le éinne ceangailt leis an idirlíon, ach mura bhfuil aontú i measc daoine eile faoin ainm agus seoladh atá agat ar an idirlíon, ní féidir cumarsáid a dhéanamh leat. Más tusa www.blacknight.com, cé thug an ceart duit é sin a thabhairt ort féin, agus cén cosc atá ar dhaoine eile ag usáid an seoladh céanna? Tá comhaontú idirnáisiúnta faoi na córais seo ar fad agus is iad ICANN a rialaíonn é sin.
Tugtar aitheantas do dhlíthe i dtaobh cóipcheart agus trádmharcanna, mar shampla. Bíonn ceisteanna polaitiúla i gceist, uaireanta: mar shampla, tá fearainn .eus ann don bpobal Bascach agus .cat do mhuintir na Catalóine. Agus ardaítear ceisteanna faoin bpríomháideachas agus faoin saoirse cainte.
Ar na ceisteanna a phléifear, tá díospoireacht faoin bpríomháideachas dóibh siúd a chláraíonn ainmeacha idirlín. Ar chóir go mbeadh clár poiblí d’ainmneacha úinéirí suíomhanna idirlín, nó ar cheart ordú cúirte bheith agat chun eolas mar sin a éileamh?
Is í an cheist is mó atá idir lámha ag an gcruinniú seo ná aistriú na bhfeidhmeanna maoirseachta ar chóras na n-uimhreacha IP ó Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá go dtí ICANN (IANA Transition). Is iad ICANN a oibríonn an córas ó lá go lá, ach táid ag obair ar chonradh ó Roinn Tráchtála Mheiriceá, ar a bhfuil an freagracht seo go stairiúil. Anuraidh d’fhógair an tUachtarán Obama go dtabharfaí an smacht iomlán do ICANN ar son an phobail idirnáisiúnta, agus tá díospoíreacht láidir ar siúl faoi láthair faoin sort córas rialaithe a bheadh i gceist.
Bíonn trí mhór-chruinniú in aghaidh na bliana ag ICANN. Is é seo an chéad uair dóibh i mBÁC. Tá rannpháirteacht in ICANN oscailte don bpobal agus saor ó tháille. Níl le déanamh ach clárú roimh-ré ag meetings.icann.org.
Is é an comhlacht Blacknight atá i bhfeighil an tsuímh seo Technology.ie. Sinne an comhlacht is mó óstála idirlín agus ainmeacha fearainn in Éirinn: an t-aon chomhlacht Éireannach le creidiúint ICANN. Fearaimíd fáilte roimh ICANN go hÉirinn.
Bonus: “Internet governance doesn’t just happen”. Why Blacknight participates in ICANN. Perhaps you should too?
Related articles
- The internet is run by an unaccountable private company. This is a problem
- Tor Network Receives Anonymity Boost
- 3 strategies for keeping ICANN and IANA on mission and out of politics
- Chinese Premier in Town as China Pushes for UN-type Governance of Internet
- US Government To Transition Key Technical Functions
- ICANN 54 is Coming to Dublin
About the Author: Conn Ó Muíneacháin
7 Comments
Leave A Comment Cancel reply
This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.
Share this post
Tuilleadh anseo faoi chruinniú ICANN in Éirinn. http://t.co/sgnjKxjgV8 Bead ag caint faoi seo i gceann cúpla nóimead ar @RTERnaG
ICANN in Éirinn: An mBaineann sé Leatsa? #ICANN54 http://t.co/pJFb7V2z3R
RT @mneylon: ICANN in Éirinn: An mBaineann sé Leatsa? #ICANN54 http://t.co/pJFb7V2z3R
RT @mneylon: ICANN in Éirinn: An mBaineann sé Leatsa? #ICANN54 http://t.co/pJFb7V2z3R
RT @mneylon: ICANN in Éirinn: An mBaineann sé Leatsa? #ICANN54 http://t.co/pJFb7V2z3R
RT @blacknight: ICANN in Éirinn: An mBaineann sé Leatsa?: http://t.co/q93QA9Usft #Gaeilge
ICANN in Éirinn: An mBaineann sé Leatsa? https://t.co/sgnjKxARMG ó @blacknight