LG Smart TV: Ní Amháin Glic, ach Gaelach

Bhí sé thar am againn teilifíseán nua a fháil.  Ó cuireadh deireadh leis an gcóras analógach ní raibh de ghléas againn sa teach ach ríomhaire Windows 7, le cárta teilifíse ann, agus Windows Media Centre in úsáid againn.

Ach bhí an ríomhaire sin ag teastáil san oifig, agus bhí orainn rud éigin a chur in a áit.  Mar sin, thugamar cuairt ar Harvey Norman an deireadh seachtaine seo chaite agus thángamar abhaile le LG Smart TV.

Táimíd fós ag dul i dtaithí air, agus níl na gnéithe “glice” trialltha i gceart againn fós, toisc laige an WiFi ar an dtaobh sin den teach.  Tá droch-thuairiscí faoi na teilifíseáin seo i láthair na huaire ó fuarthas amach go raibh siad ag cruinniú sonraí faoi nósanna breathnaithe na n-úsáideoirí agus ag “fónáil abhaile”, fiú agus an rogha sin coiscthe sna socraithe.  Ach tá leithscéal gafa ag LG faoin “mbotún” agus geallann siad go leigheasfar an scéal leis an gchéad athshonrú eile ar an dochtearra.

teanga

Ach ní hé sin an díol suntais is mó leis an ngléas glic ach seo: tá Gaeilge aige.  Gan dabht chuir sé iontas orm nuair a chonac Gaeilge  i measc rogha na dteangacha agus an gléas á chumrú agam.  Ach is mó an t-iontas a bhí orm gur Gaeilge dhílis, snasta so-tuigthe atá ann.

tv-tir

Gan amhras, ní bheadh taithí agam ar chuid mhaith den téarmaíocht – ach ní raibh sé ró-dheacair dul i ngleic léi.

tv-sreang

An rud is tabhachtaí: ní raibh orm dul i muinín an leagan Béarla leis an bpróiséas a chríochnú.

tv-tiunadh

Bíonn trácht ar thréithe fileata na Gaeilge mar theanga, agus tá go leor scéimeanna agus clár le litríocht agus ealaíona na Gaeilge a chothú agus a spreagadh.  Ach is beag aird a tugtar ar úsáid na teanga mar úirlis theicniúil: chun muca a dhíol, nó chun teilifíseán a chumrú.  Ach dá mbeadh gradam don nGaeilge Theicniúil, ba chóir é a bhronnadh ar LG agus ar a bhfoireann logánaithe.

tv-nuashonru

 

, , , , , , , ,

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.