Is iad sin:
- Ní foláir sonraí a chruinniú agus a phróiseáil go cothrom
- Ní féidir sonraí a choimeád mura bhfuil cúis sonraithe, follasach, dleathúil leis.
- Níl cead sonraí a úsáid ná a nochtadh ach amháin ar bhealach atá oiriúnach dos na cúiseanna sin.
- Ní foláir sonraí a choimeád slán
- Ní mór sonraí a choimeád cruinn, iomlán agus cruinn de réir dáta.
- Ní foláir a chinntiú gur leor iad na sonraí, go bhfuil siad cuí agus nach bhfuil siad iomarcach
- Ní cóir sonraí a choimeád níos faide ná mar is gá le haghaidh an chúis sonraithe.
- Ní foláir cóip de shonraí pearsanta a sholáthar don té ar leis iad, má iarrtar iad.
Sa chás áirithe seo, is dócha go mbeidh ceisteanna á chur ar LoyaltyBuild maidir le Riail 4, ach go háirithe. An raibh a dhóthain slándála ag an gcomhlacht le haghaidh na sonraí airgeadais? An raibh criptiú orthu? Agus beidh ceisteanna freisin faoin gcúis go raibh sonraí na gcártaí creidmheasa dá stóráil acu. Ní heol go poiblí fós cén uair go díreach a tógadh na sonraí, ach más amhlaidh go raibh na sonraí dá stóráil ag an gcomhlacht níos faide ná ba ghá, bheadh sáru i gceist ar Riail uimhir 7.
Related articles

Beidh me ag caint ar @cormacag5 faoi seo láithreach. “Cosaint Sonraí: Na Rialacha” http://t.co/IQs3PEzDc7
RT @conn: Beidh me ag caint ar @cormacag5 faoi seo láithreach. “Cosaint Sonraí: Na Rialacha” http://t.co/IQs3PEzDc7

Cosaint Sonraí: Na Rialacha #gaeilge http://t.co/IQs3PEzDc7
RT @conn: Cosaint Sonraí: Na Rialacha #gaeilge http://t.co/IQs3PEzDc7
RT @conn: Cosaint Sonraí: Na Rialacha #gaeilge http://t.co/IQs3PEzDc7
So @conn had been blogging about data breaches in Irish :) http://t.co/qEwiu39Y1i