dataprotection

Cosaint Sonraí: Na Rialacha

dataprotectionTá go leor ceisteanna inniu faoin sárú slándála ag an gcomhlacht LoyaltyBuild, inar goideadh sonraí na gcártaí creidmheasa le leathmhilliún duine ar fud na hEorpa.  Tá fiosrúcháin ar bun ag na Gárdaí agus ag An Coimisinéir Cosanta Sonraí.  Níl heol dúinn an scéal iomlán go fóill, ach tá beidh fiosrúchán an Choimisinéara dírithe go speisialta ar na rialacha atá leagtha síos faoin dlí do chosaint sonraí.

Is iad sin:

  1. Ní foláir sonraí a chruinniú agus a phróiseáil go cothrom
  2. Ní féidir sonraí a choimeád mura bhfuil cúis sonraithe, follasach, dleathúil leis.
  3. Níl cead sonraí a úsáid ná a nochtadh ach amháin ar bhealach atá oiriúnach dos na cúiseanna sin.
  4. Ní foláir sonraí a choimeád slán
  5. Ní mór sonraí a choimeád cruinn, iomlán agus cruinn de réir dáta.
  6. Ní foláir a chinntiú gur leor iad na sonraí, go bhfuil siad cuí agus nach bhfuil siad iomarcach
  7. Ní cóir sonraí a choimeád níos faide ná mar is gá le haghaidh an chúis sonraithe.
  8. Ní foláir cóip de shonraí pearsanta a sholáthar don té ar leis iad, má iarrtar iad.

Sa chás áirithe seo, is dócha go mbeidh ceisteanna á chur ar LoyaltyBuild maidir le Riail 4, ach go háirithe.  An raibh a dhóthain slándála ag an gcomhlacht le haghaidh na sonraí airgeadais?  An raibh criptiú orthu?  Agus beidh ceisteanna freisin faoin gcúis go raibh sonraí na gcártaí creidmheasa dá stóráil acu.  Ní heol go poiblí fós cén uair go díreach a tógadh na sonraí, ach más amhlaidh go raibh na sonraí dá stóráil ag an gcomhlacht níos faide ná ba ghá, bheadh sáru i gceist ar Riail uimhir 7.

 

, ,

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.