Pictured (l-r) at the launch of Gmail as Gaeilge were students from Colaiste íosagáin, Stillorgan Saoirse Lambkin Ní Chatháin, Caoilín Ní Dhuibhne, Caoimhe Nic Gabhann and Sophia Desay. Picture Conor McCabe Photography.

Tá Gmail ar fáil i nGaeilge anois agus Cuma Mhaith Air

Pictured (l-r) at the launch of Gmail as Gaeilge were students from Colaiste íosagáin, Stillorgan Saoirse Lambkin Ní Chatháin, Caoilín Ní Dhuibhne, Caoimhe Nic Gabhann and Sophia Desay. Picture Conor McCabe Photography.

Tá sé fógartha ag Google inniu go bhfuil a gcóras ríomhphoist Gmail ar fáil anois i nGaeilge.

D’oibrigh foireann Google le pobal na Gaeilge chun an t-aistriúchán a dhéanamh. Tá Gmail ar cheann des na seirbhísí ríomhphoist is mó atá in úsáid ar fud an domhain, é ar fáil i 71 teanga, le breis agus 425 milliún úsáideoir aige.

gmailgaeilge

 

Tá cuma mhaith ar an aistriúchán, le téarmaíocht chiallmhar agus so-tuigthe, don gcuid is mó.

gmailgaeilge5

 

Níl aon dabht ach go mbeidh an áis seo ina cabhair mhór d’éinne atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid ina saol oibre nó ina saol pearsanta. Nuair a bhíonn tú ag obair agus feidhmiú i nGaeilge, is mór an trioblóid a chuireann sé ar dhuine athrú go Béarla chun plé lena gcóras ríomhpoist. Tá timpeallacht an ríomhaire ag éirí níos Gaelaí an t-am ar fad.

Chun do chóras Gmail a athrú go dtí an comhéadan Gaeilge, níl le déanamh ach ‘socruithe’ a roghnú ón roghchlár faoi bhun an ‘roth fiaclach’ atá ar bharr an leathanaigh ar dheis. Tá an socrú don teanga ar bharr an liosta agus tá ‘Gaeilge’ ar an liosta.

gmailgaeilge3

 

Is foilsiúchán de chuid Blacknight, an comhlacht óstála agus ainmneacha fearrainn, é Technology.ie.

 

, , , , ,

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.